Leagan Béarla

Lainseáil na dTreoirlínte Náisiúnta i gcomhair na Scéime Céatadán ar son na nEalaíon
Ar an 7ú Nollaig 2004, sheol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue, na chéad treoirlínte náisiúnta i gcomhair na scéime 'Céatadán ar son na nEalaíon'.

Is é aidhm na dtreoirlínte seo ná bunghnáthaimh oibriúcháin a leagan amach le haghaidh Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí agus Údaráis Áitiúla atá gníomhach sa scéim. Cuireann siad comhairle bhonnlíne ar fáil ar conas saothair ealaíne a choimisiúnú i gcomhthéacs thionscadail tógála caipitiúla agus leagann síos treoirphrionsabail thábhachtacha i gcomhair an phróisis uile, mar shampla an gá le ham a sholáthar i gcomhair na dialóige idir na trí chomhpháirtí lárnacha i gcoimisiúnú na healaíne poiblí - an t-ealaíontóir, an coimisinéir agus an pobal.

Is í an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta a d'fhorbair agus a d'fhoilsigh na treoirlínte seo, an chéad chéim i dtreo cur chuige náisiúnta i leith na healaíne poiblí in Éirinn.


Tuilleadh eolais
Is féidir na Treoirlínte a íoslódáil ón suíomh seo (féach na treoracha thíos) nó cóip crua de na Treoirlínte agus tuilleadh eolais a lorg ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta:

Teil: 01 631 3800
Lo-Call: (má táthar ag glaoch lasmuigh den cheantar (01) 1890 383 000
Gréasán: http://www.dast.gov.ie


Íoslódáil na Treoirlínte
Treoirlínte don Scéim Céatadán ar son na hEalaíne (Béarla)
PDF, 3391 KB
Treoirlínte don Scéim Céatadán ar son na hEalaíne (Gaeilge)
PDF, 4209 KB

Beidh Adobe Reader ag teastáil chun an leagan PDF a léamh agus a chló. Mura bhfuil Adobe Reader suiteáilte ar do ríomhaire is féidir an clár a íoslódáil ó Adobe Reader website.